Bhí neart ceiliúrtha i gColáiste Mhuire gan Smál (MIC) an tseachtain seo agus gradaim acadúla á mbronnadh ar os cionn 1,800 céimí ar fud 50+ clár fochéime agus iarchéime an Choláiste san Oideachas agus sna Saorealaíona le linn chomóradh 125 bliain na hinstitiúide.
Reáchtáladh trí lá de shearmanais bhronnta ar an gcampas agus bronnadh céimeanna ar mhic léinn ó gach cearn d'Éirinn agus ó na cúig mhór-roinn as éachtaí agus aistir éagsúla "lán le dúshláin, buanna, agus cuimhní a fhanfaidh leo ar feadh an tsaoil" mar a dúirt an tOllamh Niamh Hourigan, Uachtarán Gníomhach MIC.
I measc na ndaoine ar ar bronnadh gradam, bhí Iománaí Sinsir de chuid an Chláir agus buaiteoir Uile-Éireann 2024, Diarmuid Ryan, ar bronnadh an Gradam do Shár-éacht na Bliana air as a chuid éachtaí spóirt. 11 bhliain a bhí Contae an Chláir ag fanacht le Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan arís agus thug Diarmuid, a rinne an cúrsa Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), an corn leis ina aoi ar an lá. Ainmníodh é le haghaidh a thríú Gradam do Shárimreoir Iománaíochta na Bliana agus chabhraigh sé le Foireann Sinsir Iománaíochta MIC Corn Mhic Giobúin a thabhairt leo den tríú huair. Mar aitheantas ar a chuid éachtaí spóirt agus é ag staidéar in MIC, bronnadh Scoláireacht Spóirt Chumann Imreoirí Gaelacha MIC ar Dhiarmuid in 2022 agus arís in 2023. Bhain sé céim Baitsiléir Ealaíon amach in MIC roimhe seo.
Ach níorbh é sin deireadh théama an spóirt. Bhain Iománaí Sinsir de chuid Phort Láirge, Dessie Hutchinson —Scoláire is Fearr Spóirt MIC in 2021/22— céim BA amach san Oideachas, Staidéar Gnó agus sa Léann Reiligiúnach, ceann de sheacht gclár teagaisc iar-bhunscoile a reáchtáiltear in MIC i nDurlas. Bronnadh Máistreacht san Oideachas ar Scoláire de chuid Chumann Imreoirí Gael MIC (2021 & 2022) agus imreoir Sinsir Camógaíochta Luimnigh, Caoimhe Costelloe, as a cuid taighde dar teideal A Self-Study of a Novice Coach Navigating the Coaching Journey. Is as Áth Dara, Co. Luimnigh, do Chaoimhe agus is múinteoir i Scoil Náisiúnta Mhuire, Áth Dara í, áit a ndéanann sí daltaí a chóitseáil sa spórt agus chomh maith leis sin, bíonn sí ag cóitseáil le CLG Áth Dara agus in MIC— agus í ag cur a cuid taighde i ngníomh.
Cuireadh bailchríoch iontach le tréimhse an lúthchleasaí Éireannaigh, Thomas Devaney as Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, a thug faoi Bhaitsiléir san Oideachas. Bronnadh Scoláireacht Scoth-Spóirt MIC air in 2022/23, agus boinn óir aige cheana as bheith ina bhall den fhoireann faoi 23 ag craobhacha trastíre na hEorpa in 2021 agus ag Rásaí Trastíre Celtic in 2022. Tá boinn buaite sa lúthchleasaíocht aige ag leibhéal contae, cúige, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus é ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann ach is é an t-aon lúthchleasaí riamh é a bhuaigh an 5,000m agus an 10,000m ag na craobhacha lúthchleasaíochta céanna sin le haghaidh ollscoileanna na hÉireann (bhain sé curiarracht amach d'Ollscoil Luimnigh sna himeachtaí sin).
Bhain captaen a bhuaigh Corn Mhic Giobúin 2024, Colin O'Brien, as Lios Cearúill, Co. Chorcaí, céim PME amach agus d’éirigh le beirt bhall d'fhoirne buacacha Cispheile Roinn 3 MIC, Paul O'Leary agus Kate Connaughton, céim Baitsiléir san Oideachas a bhaint amach agus iad cáilithe anois a bheith ag múineadh i mbunscoileanna. Bhain roinnt Peileadóirí Ban, a bhuaigh Corn Uí Mhuimhneacháin in 2024 le MIC, céimeanna Baitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) amach lena n-áirítear Ciara Hynes (Captaen na Foirne) agus Rachel O'Brien (ó fhoireann Sinsear Shligigh) agus d’éirigh le Fiona Bradshaw (foireann Sinsear Luimnigh) céim BA san Oideachas, sa Mhatamaitic agus sa Ghaeilge a bhaint amach ó MIC i nDurlas —agus í ag imirt do MIC i nDurlas le linn a tréimhse ansin freisin.
Ba iad Rang fochéime 2024 na chéad mhic léinn agus na haon mhic léinn in MIC a chuir tús lena saol sa choláiste ar líne i mí Mheán Fómhair 2020, agus dá bhrí sin, is deas ceithre chohórt 'céadonóracha' a bhronnadh. Ina measc bhí na chéad chéimithe de na cláir fochéime ceithre bliana, an Baitsiléir san Oideachas (Idirnáisiúnta) agus an BA san Oideachas, sa Mhatamaitic agus sa Ghaeilge, agus na cláir iarchéime—an Mháistreacht san Oideachas; Oideachas don Inbhuanaitheacht agus don tSaoránacht Dhomhanda agus an Mháistreacht sna hEalaíona; Aeráid, Ceartas agus Inbhuanaitheacht.
Labhair an tOllamh Niamh Hourigan, Uachtarán Gníomhach MIC, faoin mbliain speisialta agus MIC ag ceiliúradh 125 bliain ar an bhfód.
"Is am é seo machnamh a dhéanamh ar an mbóthar a thaistil muid, ar ionchur an Choláiste sa stát agus cuimhneamh ar na luachanna buana a threoraíonn muid. Agus muid ag breathnú chun cinn, aithníonn muid na dúshláin atá os ár gcomhair. Agus sibhse in bhur gcéimithe, is deis iontach é seo agaibh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin leis an eolas, leis na scileanna agus leis na luachanna a forbraíodh le linn bhur gcuid ama in MIC. Tá sibh ullmhaithe ag an oideachas atá faighte agaibh le bheith in bhur gceannairí agus in bhur n-ionadaithe chun athrú dearfach a dhéanamh sa phobal agus níos faide i gcéin."
Féach ar Bhronnadh Céimeanna CMgS 2024 thíos.
I measc scéalta na gcéimithe i mbliana bhí roinnt aistir spreagúla oideachais. Thosaigh Mikey O'Doherty, as Montpelier, Co. Luimnigh ó dhúchas ach a bhfuil cónaí air i gCathair Luimnigh, in MIC in 2011 agus tar éis dó Teastas i bhFoghlaim Ghinearálta agus i bhForbairt Phearsanta a fháil, chuaigh sé ar aghaidh leis an gclár Baitsiléir Ealaíon, agus roghnaigh sé Béarla agus Stair mar a chuid ábhar céime. Tá súil aige leanúint lena chuid staidéir agus MA a bhaint amach sa Stair amach anseo.
Chuaigh triúr céimithe, Kate Upton, Lauren McMahon agus Pamela Downes isteach sa chlár Baitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ó Chlár Rochtana Oideachas Múinteoirí MIC —bealach rochtana le haghaidh mic léinn lánfhásta. Tá Pamela agus Lauren araon anois ag tabhairt faoi Mháistreacht san Oideachas in MIC.
Thosaigh Pamela, as Béal Átha na Cora i Luimneach, ag staidéar le bheith ina múinteoir nuair a bhí sí 52 bliain d'aois— agus roinn sí a haistear le léitheoirí RSVP Magazine ina sraith, 'Your Best Life'.
"Is mór agam agus mé i mo mhac léinn lánfhásta mo bhrionglóid a bhaint amach faoi dheireadh agus a bheith i mo mhúinteoir bunscoile. Ní fhéadfainn é sin a dhéanamh gan tacaíocht ó mo theaghlach, cairde, comhscoláirí agus ar ndóigh, Coláiste Mhuire gan Smál," a dúirt sí.
Tá Lauren, ar as Luimneach í, in éineacht lena máthair, an Dr Jennifer McMahon (atá ina Ceann ar an Roinn Síceolaíochta Oideachais, Oideachas Ionchuimsitheach agus Speisialta ag MIC faoi láthair) agus a seanmháthair, Eileen, ina Alumni de chuid MIC. Ócáid mhór teaghlaigh a bhí ann freisin do bheirt chéimithe eile —máthair agus iníon, Sarah agus Amy Maher, as Durlas, Co. Thiobraid Árann. Bronnadh céim Baitsiléir Ealaíon sa Ghaeilge agus sa Stair ar Amy maidin Déardaoin agus bronnadh BA san Oideachas, sa Mhatamaitic agus sa Staidéar Gnó ar Sarah tráthnóna Déardaoin.
Bhí triúr céimithe ón Maláiv ar bís a bheith i láthair dá mbronnadh an tseachtain seo. Thosaigh Martha Msowoya, Charles Ofesi agus Rabecca Banda Teastas Iarchéime sa Mheáncheannaireacht & Meantóireacht in 2022 agus ansin bhog siad ar aghaidh le leibhéal Máistreachta san Oideachas sa chlár sin. Thug siad faoin gclár go hiomlán ar líne agus maoiniú á fháil trí thionscnamh chun uas-sciliú múinteoirí a chur chun cinn sa Mhaláiv, agus tacaíocht ó MIC agus Ambasáid na hÉireann sa Mhaláiv. Lean siad orthu óna dtrí choláiste éagsúla ag baint úsáid as Soghluaisteacht Chreidmheasa Idirnáisiúnta Erasmus+ ó Oifig Idirnáisiúnta MIC.
Ón Afraic Thoir go hIarthar Chorcaí le haghaidh ghradaim iomráiteacha an Choláiste. Tugadh aitheantas, le linn na gcúig searmanas, do roinnt buaiteoirí gradaim as na rudaí iontacha a rinne siad agus sheas céimithe ó Chorcaigh amach. Bronnadh Bonn Óir an Choláiste ar Hannah O'Driscoll as Beanntraí as an gcéad áit a bhaint amach ar an gclár Baitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) chomh maith le Comhaltacht Pheadair Uí Chroimín, Bonn don Teastas sa Chreideamh agus Teastas do na torthaí is airde in Oideachas Ceoil. Bronnadh Bonn Óir an Choláiste ar bhean eile as Corcaigh, Sarah Ryan-Purcell as an Dúcharraig as an gcéad áit ar an gclár B Oid san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) agus Síceolaíocht. Fuair Sarah bonn Teastas san Oideachas Reiligiúnach chomh maith le scoláireacht chun staidéar a dhéanamh in Ollscoil West Chester in Pennsylvania, SAM.
Bronnadh Bonn Óir MIC Thurles ar chéimí BA san Oideachas, Staidéar Gnó agus Cuntasaíocht, Chloe Troy as Léim Lára, Co. Chorcaí mar aon le Bonn TUI, a bronnadh mar aitheantas ar fheabhas acadúil sa phunann oideachais, ar chlár teagaisc iar-bhunscoile. Bronnadh Bonn Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, Sármhaitheas san Oideachas agus Socrúchán Scoile uirthi, bonn a bhronann ASTI mar aitheantas ar Bharr Feabhais san Oideachas agus Socrúchán Scoile.
Bronnadh Bonn Óir PME ar Jenny Bent ón Aonach i gContae Thiobraid Árann, a bhuaigh Bonn Vere Foster (a bhronn Cumann Múinteoirí Éireann as an gcéad áit a bhaint amach i modúil oideachais curaclaim) agus gradam sármhaitheasa i dTaighde agus Tráchtas san Oideachas.
Bronnadh go leor onóracha ar chéimithe eile. Bhronn an Roinn Oideachais agus Scileanna Duais Carlisle & Blake ar Bhéibhínn Brosnan, as Cill Airne i gCiarraí, as an gcéad áit a bhaint amach san Oideachas, sa Teoiric agus sa Chleachtas i gclár B Oid san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) & sa tSíceolaíocht. Bronnadh Gradam Bonn Vere Foster uirthi freisin, gradam a bhronn Cumann Múinteoirí Éireann as an gcéad áit a bhaint amach i gCleachtas Teagaisc ar an gclár céanna, chomh maith le gradam ar leith as Barr Feabhais sa tSíceolaíocht.
Bronnadh Boinn Óir Baitsiléir Ealaíon ar Áine Gleeson ó Chaisleán Uí Chonaill, Co. Luimnigh agus ar Aisling Knox ó Mhíleac, Co. an Chláir chomh maith le Teastais as na Torthaí is Airde i dTeanga & Litríocht an Bhéarla agus i Léann na Drámaíochta & na hAmharclannaíochta faoi seach.
Tugadh Bonn Óiran Choláiste le haghaidh BA i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige do Megan O'Sullivan ó Chathair Dháibhín, Luimneach chomh maith le gradam sármhaitheasa i Socrúchán Gairmiúil ar a clár, agus tugadh Bonn Óir an Choláiste do Callum McGeary as Port Láirge, as an gcéad áit a bhaint amach sa BA i Léann na hAmharclannaíochta Comhaimseartha agus Feidhmeach.
Bhain 24 iarrthóir dochtúireachta an leibhéal acadúil is airde amach i ndisciplíní na Saorealaíon agus san Oideachas, lena n-áirítear 11 réamhchéimí ón Dochtúireacht Ghairmiúil sa tSíceolaíocht Oideachais agus Leanaí (DECPsy), cúrsa oiliúna gairmiúil lánaimseartha trí bliana dóibh siúd atá ag gabháil do ghairm mar shíceolaí oideachais. Bronnadh PhDanna as taighde a dhéanamh ar go leor ábhar oideachais chomh maith le Stair, Béarla, Fealsúnacht, Tíreolaíocht agus Drámaíocht agus Léann na hAmharclannaíochta.
Dé Sathairn an 19 Deireadh Fómhair, bronnadh céim ar 537 Comhordaitheoir Cuimsithe in MIC mar chuid den Chlár Ceannaireachta um Chuimsiú sna Luathbhlianta (LINC).