Close icon
Close icon
News

CMgS i gcomhpháirt le COGG ag eagrú Comhdháil do Mhúinteoirí Nuacháilithe i scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

COGG

Beidh comhdháil do mhúinteoirí nuacháilithe i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál ar an 28 Meán Fómhair, á eagrú i gcomhpháirt le COGG An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. 

Reachtálfar an chomhdháil ar champas CMgS Luimneach ina mbeidh deis ag múinteoirí nuacháilithe bunscoile agus iarbhunscoile teacht le chéile agus foghlaim ghairmiúil a chur ar bun le haoichainteoirí, cleachtóirí agus múinteoirí i gcomhthéacsanna an tumoideachais. Beidh béim ach go háirithe ar churaimí an mhúinteora nuacháilithe sa phróiseas ionduchtaithe Droichead. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa: "Fáiltíonn an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) go mór roimh Chomhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe. Beidh deiseanna iontacha ann ag múinteoirí nuacháilithe, bunscoile agus iarbhunscoile, teacht le chéile, éisteacht le haoichainteoirí, le cleachtóirí agus le múinteoirí agus foghlaim faoi dhea-chleachtais i scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Gné níos tábhachtaí fós go mbraithfeadh siad go bhfuil tacaíocht agus comhairle ann dóibh agus iad ag tosú ar a n-aistear agus a saol gairmiúil trí Ghaeilge agus i suíomhanna Gaeltachta agus tumoideachais. Guímid gach rath ar an gcomhdháil agus ar na múinteoirí nuacháilithe. 

Ag labhairt ar an gcomhdáil, chuir Déan Gníomhach an Oideachais CMgS, an Dr. Angela Canny leis sin á rá, “Tá an-áthas orainn i gCMgS an chomhdháil seo a chur ar fáil i gcomhpháirt le COGG chun tacú leis na deiseanna foghlama gairmiúla a chuirtear ar fáil do mhúinteoirí nuacháilithe i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Aithnímid an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí mar chuid d’ionchuchtú Droichead agus ardán a chur ar fáil chun dea-chleachtais san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a roinnt. Táimid ag súil le fáilte a chur roimh mhúinteoirí nuacháilithe agus le comhghleacaithe COGG. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le COGG as a gcuid tacaíochta leis an gcomhdháil spreagúil seo a chur ar fáil”.

An Dr. Róisín Ní Mhulláin, an Dr. Toirdealbhach Ó Lionáird (COGG), An Dr. Karen Ní Chlochasaigh agus Carmel Nic Airt (CMgS) atá ar choiste pleanála na comhdhála. Ar son an choiste agus an choláiste, dúirt an Dr. Karen Ní Chlochasaigh, “Táimid ag obair le COGG chun comhdháil a chur ar fáil a dhéanann freastal ar na sainriachtanais atá ag múinteoirí nuacháilithe i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus conas tacú leo go praiticiúil bunaithe ar na riachtanais foghlama ghairmiúla atá acu. Is deis iontach í seo chun saineolas agus taithí a roinnt a bhaineann go sonrach leis an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus tá an-áthas orainn go mbeidh cainteoirí saineolaíocha  agus céimithe ón M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, CMgS linn chun cleachtais fainaise-bhunaithe éifeachtacha a roinnt. Is ócáid tráthúil í seo i gcomhthéacs an Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht atá le teacht, chun tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí nuacháilithe ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal”. 

Féadfar freastal ar an lá mar chuid de na Gníomhaíochtaí Foghlama Gairmiúla Breise, faoi réir polasaí Droichead, tar éis dul i gcomhairle leis an bhFoireann Tacaíochta Gairmiúla sa scoil. 

Is féidir clárú a dhéanamh do Chomhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe anseo. 

Postaer COGG
Postaer COGG

MIC to collaborate on Conference aimed at Newly Qualified Teachers in Irish Language Schools

In partnership with An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG), Mary Immaculate College (MIC) will host a conference on 28 September for newly qualified teachers (NQTs) who are starting to work in Gaelscoileanna, Gaelcholáistí and primary and post-primary Gaeltacht schools.

Taking place at the MIC Limerick campus, this conference aims to bring together newly qualified primary and post-primary teachers and give them the opportunity to learn from speakers, practitioners and teachers in an immersion setting in schools, and to learn about the tasks they have in relation to Droichead and others. 

Jacqueline Ní Fhearghusa, Chief Executive Officer COGG said: “COGG greatly welcomes holding a conference for Newly Qualified Teachers in collaboration with MIC. It will provide excellent opportunities for NQTs in primary and post-primary schools, to collaborate, listen to expert speakers and practitioners in the field and learn about best practices in Irish-medium and Gaeltacht schools. More importantly, it is important that NQTs feel that they are supported and advised as they begin their professional journey in Irish-medium and Gaeltacht schools. We wish every success to teachers and everyone involved in the conference.”

Speaking on the conference Acting Dean of Education at MIC, Dr Angela Canny added:

“MIC is delighted to be hosting a conference in collaboration with COGG to support the professional learning opportunities of Newly Qualified Teachers in Irish-medium and Gaeltacht schools. We acknowledge the importance of supporting teachers through the Droichead process and providing a platform for shared learning to promote best practices in Irish-medium and Gaeltacht schools. We are looking forward to welcoming NQTs and representatives from COGG to MIC and wish to thank COGG for their contributions to this exciting and encouraging conference in the Irish-medium and Gaeltacht education sector.”

The organising committee includes Dr Róisín Ní Mhulláin and Toirdealbhach Ó Lionáird (COGG), Dr Karen Ní Chlochasaigh and Carmel Nic Airt (MIC). On behalf of MIC, Dr Ní Chlochasaigh commented: “We have been working with COGG to organise an event that meets the specific needs of NQTs in Irish-medium and Gaeltacht schools and how to best support their professional learning requirements through a practice-orientated lens. This is a great opportunity to disseminate knowledge and experience in the area of Irish-medium and Gaeltacht education and we are delighted to welcome expert speakers to the conference and graduates from the M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, MIC to share effective evidence-based practices. This is a timely event in the context of the Policy on Gaeltacht Education and the forthcoming Policy on Irish-medium Education outside of the Gaeltacht and to support NQTs in both these contexts at primary and post-primary.”

The day may also be used as part of the Additional Professional Learning Activities, under Droichead policy if the newly qualified teacher has consulted their Professional Support Team and discussed and confirmed this with them.

You can register for the Conference of Newly Qualified Teachers here.